Thursday 19 July 2012

D’fhág freasúra an Dáil an t-Aire Dinny McGinley chun labhairt leis féin tar éis siúil amach


Dúirt an t-urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin Peadar Tóibín go raibh díomá uafásach ar mhuintir an Gaeilge agus na Gaeltachtaí.



“Tá fadhbanna ollmhór ag baint leis an reachtaíocht seo. Fadhbanna a déanfaidh damáiste don Gaeltacht. Ta a lán rudaí in easnamh anseo freisin. Déanann an bille seo neamhaird ar na deiseanna atá ann chun fuinneamh nua a anáil isteach sa Gaeltacht. Bheadh sé furasta na heasnaimh seo a réitigh da mbeadh and rialtas dáiríre faoin Gaeilge, da mbeadh an Aire dáiríre faoi an próiseas comhairliúcháin leis na eagrais Gaeilge agus dá mbeadh an Aire dáiríre faoi an próiseas daonlathas san Oireachtas.

“Ta an Gaeilge in áit an leathphingin sá stáit seo. I rith an díospóireacht gairid chualamar beagáinín níos mó ná platitudes agus uaireanta focal nimhneach chomh súil le Language Imperialists ar thug an Teachta Creed ar Gaeilgeoirí. Fiú amháin i gcoiste inné dúirt an Teachta Flanagan go raibh sé in éadain airgead a caitheamh ar eolas sláinte a foilsiú i nGaeilge sa Gaeltacht.

“Táimid ag teacht chuig deireadh na bliana, bliain inar dhearna an rialtas seo dochar do Gaeilge. Dochar don Coimisinéir Teanga, dochair do Gaelscoileanna, dochair do Scéim labhairt na Gaeilge. Bhí sé déistineach a fheiceáil an rialtas ag bagairt Dónall Ó Cnáimhsí a bhí ag labhairt ar son muintir na Gaeltachtaí.

“Is léir nach bhfuil suim dá laghad ag an Roinn no ag an rialtas plé oscailte daonlathas a chuir ar siúil anseo inniu. Mar sin diúltaím leis an próiseas in a iomlán. Nílimid sásta fanacht agus táim chun siúil amach chun mo déistin a thaispeáint ar an córas seo.”

Shiúil an freasúra ina iomláin amach tar éis na óráid gairid. D’fhág siad an t-Aire McGinley chun labhairt leis féin.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.